Iarradh orm mo shonraí clárúcháin a bhailíochtú. Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Chun úsáid chalaoiseach ainmneacha fearainn a chomhrac, déanann EURid seiceálacha chun a dheimhniú go bhfuil na sonraí a thug tú mar shealbhóir d’ainm fearainn (ar a dtugtar 'Sonraí Clárúcháin') cruinn agus cothrom le dáta, agus, ar deireadh, tugann sé cuireadh duit do shonraí clárúcháin a bhailíochtú tríd an ardán My .eu i gcomhréir lenár mBeartas Príobháideachta.

 

Má fuair tú ríomhphost ó EURid (no-reply@eurid.euwhoisaccuracy@eurid.eu) ag iarraidh ort do shonraí clárúcháin a athbhreithniú agus a bhailíochtú, lean na céimeanna seo, le do thoil, faoin dáta nó faoin achar ama atá léirithe sa ríomhphost:

  • Logáil isteach chuig ardán 'My .eu'. Cuir isteach d’ainm fearainn agus an seoladh ríomhphoist atá nasctha le d’ainm fearainn, cliceáil ar “Iarr cód rochtana”. Cuir isteach an cód a cuireadh chuig do sheoladh ríomhphoist agus cliceáil ar “Logáil isteach”. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir an cód rochtana a cuireadh chuig do sheoladh ríomhphoist a úsáid ach uair amháin agus go dtéann sé in éag i ndiaidh dhá uair an chloig ón am a fhaightear é.
  • Seiceáil cruinneas do shonraí clárúcháin. Más gá duit do shonraí clárúcháin a cheartú, déan teagmháil le do chláraitheoir nó leis an gcuideachta ar chláraigh tú d’ainm fearainn tríthi agus cinntigh go bhfuil do shonraí nuashonraithe. Nuair atá sin déanta agus agus ní roimhe sin, logáil isteach arís ar an ardán 'My .eu'chun bailíochtú do chuid sonraí a chríochnú.
  • Déan do shonraí clárúcháin atá cothrom le dáta a bhailíochtú. Roghnaigh ceann de na modhanna atá ar fáil agus lean na treoracha chun do shonraí clárúcháin a bhailíochtú. Ní dhéanfar d’ainm fearainn a ghníomhachtú ar an bpointe mar thoradh ar bhailíochtú rathúil mar go bhféadfadh sé go mbeadh ar EURis seiceálacha de láimh a dhéanamh chun é sin a chur i gcrích. Tabharfar fógra duit trí ardán 'My .eu' má tá bearta eile de dhíth ar EURid ó do thaobhsa sula ndéanfar an bailíochtú a cheadú.

Mura ndéanann tú do shonraí clárúcháin a bhailíochtú cuirfear d’ainm fearainn ar fionraí (Beidh an stádas Server Hold aige) ar an dáta agus de réir an achair ama atá léirithe sa ríomhphost a sheol EURid agus déanfar ainm fearainn ar bith eile a chláraíonn tú nó a bhfuil tú i do shealbhóir air a chur ar fionraí go huathoibríoch ar chlárúchán/aistriú chuig d’ainm. Mar thoradh air sin, beidh d’ainm(neacha) fearainn neamhghníomhach. Tabhair do d’aire go bhfuil bac ar ainm fearainn atá ar fionraí a aistriú chuig cláraitheoir eile, ach amháin i gcásanna a bhfuil cur síos orthu in Beartas Fíoraithe Sonraí Clárúcháin de chuid EURid.

 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chás bailíochtaithe, logáil isteach, le do thoil, chuig ardán My .eu chun nascadh le d’fhoireann tacaíochta.

 

 

 

 

An raibh an t-alt seo cabhrach?

Bhain 0 as 1 tairbhe as seo.
Have more questions? Submit a request