Conas is féidir liom cód údaraithe aistrithe a fháil?

Ó do chláraitheoir: Ba chóir gurb é do chéad phointe teagmhála do cláraitheoir. Mura bhfuil tú cinnte cé hé do chláraitheoir, cuardaigh d’ainm fearainn sa WHOIS gréasánbhunaithe. Liostófar ainm do chláraitheora i rannóg an chláraitheora de thoradh an fhiosrúcháin. Tabhair faoi deara go mb’fhéidir nach é seo ainm na heagraíochta a bhfuil tú i dteagmháil léi. Is féidir leis an eagraíocht seo a bheith ar cheann d’athdhíoltóirí do chláraitheora, ach mar sin féin beidh sí fós in ann cabhrú leat an cód a fháil.

 

Ón ardán My .eu: Is féidir leat an cód údaraithe aistrithe a eisiúint freisin ar ardán My .eu. Ná cuir mearbhall ar an gcód rochtana a gheobhaidh tú trí ríomhphost (rud a chuirfidh ar do chumas an t-ardán My .eu a chur isteach) leis an gcód údaraithe aistrithe (a eiseoidh tú nuair a bheidh tú ar an ardán).

 

Ó EURid: Níor chóir é seo a dhéanamh ach amháin mar rogha dheireanach. Tar éis duit a chruthú gur tusa sealbhóir an fhearainn agus nach féidir leat cód údaraithe a fháil ó do chláraitheoir reatha nó tríd an ardán My .eu, is féidir leat cód údaraithe aistrithe éigeandála a iarraidh go díreach ó EURid:

  • Cuardaigh d’ainm fearainn sa WHOIS atá gréasánbhunaithe.
  • Cliceáil ar an nasc "Iarr cód údaraithe éigeandála" i dtoradh iarratais WHOIS le haghaidh d’ainm fearainn.
  • Líon isteach an fhoirm iarratais leictreonach de réir na dtreoracha agus luaigh na cúiseanna nach raibh tú in ann an cód údaraithe a fháil ó do chláraitheoir nó ó chuntas My .eu.
  • Priontáil an fhoirm, sínigh í agus seol chugainn í trí ríomhphost ag authcoderequest@eurid.eu. Más eagraíocht é an t-iarrthóir, priontáil an fhoirm ar pháipéar ceann litreach na cuideachta nó cuir stampa cuideachta leis.

Déanfaimid d’iarratas a mheas agus cuirfimid an toradh in iúl duit dá réir.

 

! Is féidir leis an gcód a eisíonn an cláraitheoir a bheith ann i gcomhthráth leis an gcód a d’eisigh tú féin nó EURid. Beidh an bheirt acu bailí go dtí a ndáta éaga aonair nó go dtí go n-úsáidfear ceann acu chun an t-aistriú a phróiseáil.

An raibh an t-alt seo cabhrach?

Bhain 0 as 0 tairbhe as seo.
Have more questions? Submit a request