Chun a sheiceáil an bhfuil trádmharc Eorpach leis an ainm céanna le d’fhearann ar fáil le clárú:
- Cuardaigh d’ainm fearainn sa WHOIS atá gréasánbhunaithe.
- Seiceáil rannán EUIPO (Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh) sna torthaí.
Má tá an trádmharc ar fáil, is féidir leat an nasc chuig an leathanach gréasáin EUIPO a leanúint le haghaidh clárúcháin trádmhairc.
Má tá an trádmharc cláraithe cheana féin, gheobhaidh tú nasc a sholáthraíonn faisnéis faoin sealbhóir agus faoin amlíne chlárúcháin. Tabhair faoi deara, nuair a chláraítear ainm fearainn .eu agus nuair a mheaitseálann sé clárú nó iarratas trádmhairc atá ann cheana, go dtugtar fógra do EUIPO agus go seolann sé foláireamh chuig an sealbhóir/iarratasóir, ar choinníoll go bhfuil an ghné seo gníomhachtaithe acu ar shuíomh gréasáin EUIPO.