Cén fáth a bhfuil an stádas ‘ar feitheamh’ ag an ainm fearainn?

Nuair a thugtar fógra faoi dhíospóid dhlithiúil, a bhfuil baint aici le hainm fearainn .eu, don Chlárlann, cuirtear an t-ainm fearainn ‘ar feitheamh’ i gcomhréir leis na Téarmaí agus Coinníollacha d’ainmneacha fearainn .eu, .ею agus .ευ.

Fad agus atá an t-ainm fearainn ‘ar feitheamh’:

  • Ní fhéadfar an t-ainm fearainn a aistriú go dtí duine príobháideach nó eintiteas dlíthiúil (cláraí) eile.
  • Ní fhéadfar an t-ainm fearainn a aistriú go dtí cláraitheoir eile.
  • Ní fhéadfar na sonraí clárúcháin a bhaineann leis an ainm fearainn a mhionathrú.
  • Bíonn an suíomh gréasáin agus an ríomhphost atá nasctha leis an ainm fearainn gníomhach go hiomlán fós féin.

Fanann an stádas ‘ar feitheamh’ i bhfeidhm nó go gcuirtear an toradh ar Réiteach Malartach Díospóide (ADR) nó imeacht cúirte .eu in iúl don Chlárlann agus go gcuireann sí an toradh sin i bhfeidhm. 

 

An raibh an t-alt seo cabhrach?

Bhain 0 as 0 tairbhe as seo.
Have more questions? Submit a request