Cé a réachtálann an t-idirlíon san Eoraip?

Ní reáchtálann aon eagraíocht ar leith an t-idirlíon.  Braitheann sé ar chomhoibriú idir mórán páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear rialtais, eagraíochtaí teicniúla, gnólachtaí, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta.

Tá ról difriúil ag gach ceann acu.  Forbraíonn institiúidí an AE beartais agus reachtaíocht a mhúnlaíonn timpeallacht dhigiteach na hEorpa.  Comhordaíonn eagraíochtaí teicniúla acmhainní riachtanacha idirlín, agus bainistíonn clárlanna fearainn ainmneacha fearainn sonracha, amhail iad siúd a chríochnaíonn ar .eu.

Arna cheapadh ag an gCoimisiún Eorpach in 2003, bainistíonn EURid an t-ainm fearainn .eu agus a leaganacha sa script Ghréagach agus sa script Choireallach, .ευ agus .ею.

Glacann EURid páirt i bplé Eorpach agus idirnáisiúnta freisin maidir le rialachas an idirlín, ag cur a chuid saineolais ar fáil i réimsí ar nós slándáil ainmneacha fearainn, athléimneacht agus ilteangachas.

Tríd an bplé sin, roinneann páirtithe leasmhara eolas agus oibríonn siad le chéile ar na dúshláin theicniúla agus bheartais a mhúnlaíonn forbairt an idirlín.

Léitheoireacht ghaolmhar:  Cé an reáchtálann an t-idirlíon san Eoraip?. 

 

An raibh an t-alt seo cabhrach?

Bhain 0 as 0 tairbhe as seo.
Have more questions? Submit a request